Ina Thuarascáil Faireacháin 2020-21 a d'fhoilsigh sé inniu, thug an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill le fios gur údar mór díomá an easpa dul chun cinn maidir le feidhmiú logainmneacha Gaeltachta sa chóras Eircode.

Dúirt Rónán Ó Domhnaill cé go bhfuil iarracht déanta ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an scéal a réiteach nach bhfuil aon toradh fós ar an obair sin.

Thug sé le fios gurb é bun agus barr an scéil go bhfuil logainmneacha Gaeltachta i mBéarla fós á n-úsáid ag Eircode chomh maith leis na leaganacha oifigiúla Gaeilge.

Dá bharr sin, a mhaígh sé, is iad na leaganacha Béarla a úsáideann gnólachtaí tráchtála go minic.

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide atá an fhreagracht ina leith seo "de bharr fhoráil reachtúil a scéime teanga."

Dá réir sin, a dúirt sé, tá sé le tuarascáil a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais "mar gheall ar easpa géilliúlachta an chórais Eircode d'fhoráil i scéim teanga na Roinne i dtaca le logainmneacha Gaeltachta".

Téann an cheist siar go dtí an bhliain 2015 nuair a léirigh imscrúdú a rinne Oifig an Choimisinéara Teanga gur sháraigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an dualgas reachtúil teanga a bhain le logainmneacha Gaeltacht sa chóras Eircode:

"Tá an dualgas reachtúil ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide sa chás seo agus ní Eircode féin, ná an Post, a dháil na héirchóid, mar gurb í an Roinn atá freagrach as an gconradh don chóras a bhronnadh agus a stiúradh.

"Cuireadh tús leis an bpróiseas faireacháin ar chur i bhfeidhm mholtaí an imscrúdaithe le linn na bliana 2016. Bhí iliomad teagmhálacha idir m'Oifig agus oifigigh na Roinne Cumarsáide ón uair sin i leith.

"Mheabhraigh mé don Roinn i mí Aibreáin 2019 gur chóir gur i nGaeilge amháin a bheadh na logainmneacha ábhartha Gaeltachta ar an gcóras Eircode chun go dtabharfaí feidhm chruinn do ghealltanas na scéime agus moltaí an imscrúdaithe.

"Cuireadh in iúl don Roinn go raibh gearáin fós á bhfáil ag m’Oifig ó dhaoine den phobal go bhfuil a gcuid seoltaí á n-úsáid ag comhlachtaí i mBéarla i gcónaí.

"Dheimhnigh an Roinn i mí an Mheithimh 2019 go rabhthas tar éis scríobh chuig an bPost, ar leo na cearta ar an mbunachar sonraí a sholáthraíonn na seoltaí poist, ag iarraidh orthu a chinntiú gur i nGaeilge amháin a bheadh gach logainm ábhartha Gaeltachta.

"I mí na Samhna 2019, dhearbhaigh an Post nach bhféadfaí an leagan Béarla de sheoltaí Gaeltachta a bhaint dá mbunachar sonraí mar go dteastaíonn sé le cruinnseachadadh litreacha a chinntiú.

"An chúis atá leis sin, a dúradh, ná go n-úsáideann lear maith daoine seoltaí Béarla sa Ghaeltacht. Dúirt an Post go bhfuil dualgas reachtúil orthu faoi ComReg cloí le spriocanna áirithe seachadta agus go mbeadh sé sin dodhéanta gan an leagan Béarla de na seoltaí a bheith sa bhunachar acu.

"Tugadh le fios go bhféadfadh sé amach anseo go mbeadh giuirléid láimhe ag fir agus mná poist a d’fhéadfadh a bheith ina cúnamh le seoltaí a aithint.

"Ar ábhar eile, thug an Roinn le fios go raibh cúrsaí ag bogadh ar aghaidh leis an uasdátú ar na bearnaí sna leaganacha Gaeilge de logainmneacha Gaeltachta atá sa bhunachar sonraí ar a bhfuil an córas Eircode ag brath.

"Cé gur léir dom go bhfuil iarracht déanta ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide teacht ar réiteach sa chás seo trí iarracht a dhéanamh iachall a chur ar an bPost a bhunachar sonraí seoltaí a leasú, ionas gur i nGaeilge amháin a bheadh gach logainm Gaeltachta ábhartha, is léir nár éirigh leis na hiarrachtaí sin."