skip to main content

Tá 126 duine, ar a laghad, marbh de bharr na dtuilte san Eoraip an tseachtain seo. 'Sí an Ghearmáin is measa atá buailte

Inniu, fógraíodh gur maraíodh breis daoine - ach ní fios go fóill cé mhéad - i sciorradh talún in Erftstadt-Blessem na Gearmáine.
Inniu, fógraíodh gur maraíodh breis daoine - ach ní fios go fóill cé mhéad - i sciorradh talún in Erftstadt-Blessem na Gearmáine.

Tá 126 duine ar a laghad básaithe san Eoraip - in iarthar na Gearmáine a bhformhór - agus tá na céadta ar iarraidh tar éis tuilte móra ansin. Tá na hiarrachtaí cuardaigh agus tarrthála fós ar bun inniu.

Inniu, fógraíodh gur maraíodh breis daoine - ach ní fios go fóill cé mhéad - i sciorradh talún in Erftstadt-Blessem na Gearmáine.

Tháinig na tuilte aniar aduaidh ar chónaitheoirí sna réigiúin a buaileadh. Rinneadh tithe a leagan agus a scuabadh chun bealaigh agus chuaigh aibhneacha sa cheantar thar a mbruacha de bharr na díle báistí. Bhí héileacaptair na seiribhísí tarrthála ag tógáil daoine ó na sráideanna agus ó dhíonta foirgneamh.

Tá 103 duine caillte sa nGearmáin. Sa mBeilg, tá 15 marbh agus tá 21,000 duine fágtha gan leictreachas i réigiún na Vallúine.

Tá Lucsamburg agus an Ísletír buailte freisin. Tá na mílte aslonnaithe as a dtithe sa gcathair Maastricht.