skip to main content

45 básaithe, 50 ar iarraidh de bharr tuilte sa Ghearmáin

Cuid den damáiste a rinne an tuile i mbaile Bad Münstereifel
Cuid den damáiste a rinne an tuile i mbaile Bad Münstereifel

Tá 45 duine ar a laghad básaithe agus tá thart ar leathchéad duine ar iarraidh tar éis do thuile mhór tithe a leagan agus a scuabadh chun bealaigh in iarthar na Gearmáine.

Chuaigh aibhneacha sa cheantar thar a mbruacha de bharr na díle báistí agus tá imní ar lucht tarrthála agus éigeandála go scuabfar tuilleadh tithe fós chun bealaigh.

Tá héileacaptair na seiribhísí tarrthála ag tógáil daoine ó na sráideanna agus ó dhíonta foirgneamh agus táthar ag moladh do dhaoine fanacht in uachtar tí.

Cailleadh beirt fhear dóiteáin i mbailte Altena agus Wedohl agus bhásaigh beirt fhear eile i siléir i mbailte Solingen and Unna.

Tá bóithre agus iarnróid sa cheantar dúnta agus tá iompar lastais ar Abhainn na Réine curtha ar fionraí fad is atáthar ag dul i ngleic leis an éigeandáil.

Níl aon chosúlacht ann go dtráfaidh an tuile go luath agus lucht meitéareolaíochta ag tuar go mbeidh sé ag tulcaíl báistí sa cheantar arís inniu agus amárach.