D'fhógair Rialtas na Breataine go hoifigiúil inniu go bhfuil sé i gceist gan an dlí a chur feasta ar dhaoine a bhí freagrach as maruithe le linn na dTrioblóidí sa Tuaisceart.

Dheimhnigh Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis an cinneadh i ráiteas a rinne sé i bparlaimint Westminster tráthnóna.

Tá sé i gceist gan daoine a ionchúiseamh faoi mharuithe a rinneadh sular síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta i mí Aibreáin 1998.

Tabharfar isteach reacht na dtréimhsí chuige sin san Fhómhar, a dúirt Brandon Lewis.

Faoin reachtaíocht sin, ní fhiosrófar a thuilleadh aon mharuithe a rinne Arm na Breataine, na póilíní, an tIRA, an UVF, an UDA agus eagraíochtaí paraimíleata eile.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson i bparlaimint Westminster chomh maith go bhfuil an reachtaíocht á tabhairt isteach mar, dar leis, go bhfuil an dlí á bhagairt go mailíseach agus gan aon bhunús ar iarshaighdiúirí atá amach sna blianta anois.

Tá an cinneadh cáinte, áfach, ag na páiritithe polaitíochta ó thuaidh, Rialtas na hÉireann agus grúpaí ionadaíochta íospartach a deir gur geall le pardún é.

I mí na Bealtaine seo caite, cúpla lá sular chinn cróinéir go raibh deichniúr Caitliceach a mharaigh Arm na Breataine i mBéal Feirste i 1971 neamhchiontach, thug foinsí Rialtas na Breataine le fios do roinnt nuachtán go rabhthas le deireadh a chur le hionchúisimh.

Ag an am, dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur feall ar na híospartaigh a bheadh i ngníomh aontaobhach den sórt sin.

Ar maidin inniu, mhaígh an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney nach beart i gcrích é cinneadh Rialtas na Breataine agus go bhfuil cainteanna fós ar bun le teacht ar réiteach ar an gceist.