Tiocfaidh an Maorghinearál Seán Clancy in áit an Leasaimiréil Mark Mellett mar Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann.

Tá Seán Clancy ina Cheann Foirne ar an Aerchór faoi láthair.

Rachaidh an Maorghinearál Clancy i mbun dualgas ar an 29 Meán Fómhair, tráth a éireos an Leasaimiréal Mellett as.

Is é an tAire Cosanta Simon Coveney a mhol Seán Clancy agus ghlac an Rialtas leis an moladh ar maidin.

Cuirfear an t-ainmniúchán faoi bhráid Uachtarán na hÉireann anois.

Is as Baile Mhistéala i dtuaisceart Cho Chorcaí ó dhúchas é an Maorghinearál Clancy* atá ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain 1984.

Thosaigh sé ag traenáil mar phíolóta i 1986 agus tá beagnach 5,000 uair an chloig san aer curtha isteach aige ó shin.

Chaith sé bliain i bhfórsa speisialta an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus bhí sé ina chomhairleoir ar feadh dhá bhliain i mbriogáid éigeandála de chuid na Náisiún Aontaithe.

Bhí baint mhór aige freisin leis an tSeirbhís Éigeandála Aeraileighis sa tír seo a thabhairt i gcrann in 2012.

* Bhí muintir Mhic Fhlannchaidh (-adha) ina mbreithiúna ag na Brianaigh i dTuamhain. Ceann de chlanna móra na hÉireann ab ea na Brianaigh.