skip to main content

Rúnaí Sláinte na Breataine éirithe as

Rúnaí Sláinte na Breataine éirithe as
Rúnaí Sláinte na Breataine éirithe as

Tá Rúnaí Sláinte na Breataine,Matt Hancock, tar éis éirí as a chuid dualgas.

Sárú ar fhorálacha Covid-19 faoi ndear é seo.

D'admhaigh sé féin gur sháraigh sé treoracha Covid-19 nuair a rug sé barróg ar dhuine dá chomhghleacaithe oifige.

Bhí leithscéal gafa ag Hancock as ucht a chuid iompar agus bhí glactha ag an bPríomh-Aire Boris Johnson leis an leithscéal.

Ach lean an brú air éirí as a phost agus dhein sé sin tráthnóna.