Deir ball de NPHET go bhfuil go leor dochtúirí teaghlaigh i bhfábhar athoscailt sheirbhísí don phobal a chur siar dhá nó trí seachtaine eile le básanna agus dianghlasáil eile a sheachtaint.

Deir an dochtúir teaghlaigh Mary Favier go bhfuiltear i bhfábhar 'moilliú straitéiseach' a dhéanamh ar an athoscailt, fad atá an vaicsíniú ag dul chun cinn agus go bhfuil an treoir sláinte phoiblí á leanúint.

Ní féidir é a sheachaint, a dúirt sí, go n-éireoidh roinnt daoine óga an-tinn de bharr an ardú i líon na gcáanna den athraíoch Delta den Chovid-19.

Cé nach bhfuil an tinneas ón athraíoch chomh trom sin ná an líon daoine san oispidéal chomh hard le ráigeanna eile den víreas, deir Mary Favier gur féidir go mbeidh go leor daoine an-tinn agus siomptóim den Chovid fada bheith ar dhaoine má imíonn na cásanna ina mílte.

Tá riosca ag baint leis an athoscailt atá beartaithe don 5 Iúil, agus níl aon duine ag iarraidh na hospidéil a chur i mbaol ó ráig eile cásanna agus básanna.

D'impigh sí ar an bpobal bheith cúramacgh sna seachtainí atá amach romhainn.

Idir an dá linn, deir cathaoirleach fochoiste dhochtúirí teaghlaigh Chumann na nDochtúirí, an Dr Denis McCauley go gcaithfidh muid bheith 'misniúil agus láidir' agus srian a choinneáil leis an gcaidreamh taobh istigh má ardaíonn an líon cásanna ón athraíoch Delta den Covid 19.

Is fachtóir é, a deir sé, an caidreamh taobh istigh i scaipeadh an víris, fachtóir é a bhfuil smacht againn air agus gur cheart é a smachtú.

Deir an Dr McCauley go bhfuil na cásanna Delta ag ardú i nDún na nGall ar aon dul le Doire, ach go bhfuil an t-eolas atá ar fáil faoi chásanna thios leis an gcibirionsaí ar an HSE.

Bhí an Dr. McCauley agus an Dr. Mary Favier ag caint ar Morning Ireland ar RTÉ