Dúradh i gCúirt Chróinéara Chathair Bhaile Átha Cliath gur féidir anois leanúint leis na hionchoisní maidir leis na daoine a a bhásaigh san olldóiteán i gclub oíche an Stardust sa bhliain 1981.

Ag réamhéisteacht sa chúirt inniu, dúradh go bhfuil an fhadhb a bhain le saorchúnamh dlí a chur ar fáil do theaghlaigh na marbh réitithe agus nach bhfuil aon bhac ar na hionchoisní anois.

Maraíodh 48 duine óg agus gortaíodh os cionn 200 de bharr an dóiteáin sa chlub oíche in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath Lá San Vailintín 1981.

Tá na teaghlaigh ag achainí ar an Stát le fada ionchoisní nua a bhunú ach dúirt siad nach mbeadh sé d'acmhainn acu féin páirt a ghlacadh iontu mura dtabharfaí saorchúnamh dlí dóibh.

Mhol an dlíodóir Darragh Mackin thar ceann fhormhór na dteaghlach go gcuirfí tús leis na hionchoisní arís i mí Dheireadh Fómhair ach níor socraíodh aon dáta inniu.