San Ard-Chúirt, shocraigh lánúin an cás a thug siad faoi ghinmhilleadh a linbh ar dúradh leo go hiomrallach faoi go raibh mínormáltacht mharfach féatais ag dul dó.

Fuarthas amach i ndiaidh an ghinmhillte go raibh an leanbh sláintiúil.

Sa chuirt inné, ghlac cúigear dochtúirí comhairleacha, an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais agus saotharlann i nGlaschú dliteanas faoin nginmhilleadh.

Inniu, dúirt an lánúin Rebecca Price agus Patrick Kiely go bhfuil siad ag iarraidh bualadh leis an Aire Sláinte Stephen Donnelly agus obair i gcomhar leis lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís go brách.

Agus Rebecca Price ag súil leis an leanbh, tugadh le fios di gur léirigh dhá thástáil go raibh neamhord géiniteach, a dtugtar Siondróm Edwards air, ag dul don bhuachaill. Is mínormáltacht mharfach féatais é Siondróm Edwards de réir na reachtaíochta cuí sa Stát seo.

Tar éis do dhuine den chúigear dochtúirí comhairle a chur uirthi, a dúirt Rebecca Price, rinneadh an ginmhilleadh san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais ar an 14 Márta 2019.

Dheimhnigh an tríú tástáil a rinneadh i ndiaidh an ghinmhillte, áfach, nach raibh an neamhord ar an leanbh ar chor ar bith.

Dúirt Rebecca Price nach bhfuil aon insint ar an gcéasadh atá sí a fhulaingt - idir chorp agus anam - ó shin.

Íocfaidh na dochtúirí comhairleacha agus an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais costais dlí na lánúine.