Tá dhá ionad tástála Covid-19 le hoscailt go sealadach an tseachtain seo i nDún Garbhán, Co Phort Láirge, agus i nDún Dealgan, Co Lú, i bhfianaise tuairiscí faoi ardú ar chásanna den ghalar sna ceantair sin le gairid.

Osclófar ionad tástála in Ospidéal Pobail Dhún Garbháin ar feadh trí lá ó amárach agus ní gá coinne a dhéanamh.

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur féidir le daoine tástáil a fháil, bíodh comharthaí sóirt an ghalair orthu nó ná bíodh.

Tá ionad tástála oscailte ó inniu chomh maith in Ionad Siopadóireachta na Méirsí in nDún Dealgan.

Ag trácht dó ar shrianta Covid-19, dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil sé róluath le rá an mbeifear ábalta iad a mhaolú tuilleadh ón 5 Iúil mar atá beartaithe ag an Riatlas.

Ní mór a bheith san airdeall i gcónaí ar an athraitheach Deilte ar an gcoróinvíreas, a dúirt sé.

Tuairiscítear freisin go bhfuil athraitheach eile fós ar an víreas tagtha chun cinn san India a bhfuil "Deilte plus" baiste air.

Is cosúil gur fusa don athraitheach seo scaipeadh i measc an phobail ná an bunathraitheach Deilte.