Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 348 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Dúirt an Roinn arís eile go mb'fhéidir nach bhfuil an figiúr seo cruinn agus go bhféadfaí é a nuashonrú amach anseo.

Tá 41 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin beirt níos mó ná inné. Tá 13 acu faoi dhianchúram, sin an méid céanna agus a bhí inné.

Fógraíodh níos túisce inniu freisin go bhfuil 188 cás nua Covid-19 sa Tuaisceart.

Tá 2,155 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 125,272 duine ó thús na paindéime.

Tá seacht n-othar déag le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh, sin ceathrar níos mó ná inné. Níl aon duine acu faoi dhianchúram.