Tuigtear do RTÉ go bhfuil an tAontas Eorpach le cead a thabhairt don Bhreatain síneadh a chur leis an tréimhse chairde a bhaineann le hearraí feola cuisnithe faoi Phrótacal an Tuaiscirt.

Is cosúil go bhfuil iarrtha ag leasuachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Maroš Šefcovic ar na ballstáit an síneadh a cheadú gan mhoill.

Meastar go bhfuil imní ar an gCoimisiún Eorpach faoi bhagairtí foréigin atá déanta ag dílseoirí ó thuaidh.

Tá imní ar an gCoimsiúin go háirithe go bhféadfadh dílseoirí daoine a ghríosú chun foréigin ag paráidí agus slógaí Oráisteacha thart ar an 12 Iúil.

Tuigtear go bhfuil na ballstáit sásta géilleadh d'iarratas an Choimisiúin faoi réir coinníollacha áirithe.

Mar chúiteamh ar an síneadh ama, beidh na ballstáit ag iarraidh ar an mBreatain cloí i gcónaí le rialacha sábháilteachta bia an Aontais Eorpaigh agus leanúint de na hiarrachtaí teacht ar réiteach ar an easaontas faoi Phrótacal an Tuaiscirt.

Bhí an síneadh ar an tréimhse chairde iarrtha go hoifigiúil ag an mBreatain an tseachtain seo caite agus cuireadh an t-iarratas ar aghaidh chuig na ballstáit aréir.

De réir an phrótacail, caithfidh an Tuaisceart cloí le rialacha mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh agus níl cead earraí feola cuisnithe a thabhairt isteach ón mBreatain.

Ag deireadh na bliana seo caite, áfach, ceadaíodh tréimhse chairde maidir leis an ngné seo den phrótacal ach beidh an tréimhse sin istigh ar an 1 Iúil.