Dúirt Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis gur dearcadh réasúnta é go gcaithfear Prótacal an Tuaiscirt a leasú agus nach féidir leanacht de mar atá sé faoi láthair.

Inné, mhaígh Edwin Poots ón DUP go raibh gealltanas faighte aige ó Brandon Lewis go ndéanfaí leasuithe suntasacha an mhí seo chugainn ar an bprótacal.

"Bua suntasach" a bheadh ann, a dúirt Edwin Poots, ach níor thug sé aon eolas eile faoin scéal.

Ag éisteacht de choiste parlaiminte i Westminster, fiafraíodh de Brandon Lewis céard go baileach a bhí ráite aige le Edwin Poots.

D'fhreagair Brandon Lewis gurb é dearcadh Rialtas na Breataine nach féidir leanacht den phrótacal agus go gcaithfear é a leasú mar go bhfuil sé ag cur as do ghnóthais, do thomhaltóirí agus do shaoránaigh sa Tuaisceart.

Ní mór margadh inmheánach na Ríochta Aontaithe a chosaint, a dúirt sé, agus leasófar an prótacal dá réir sin.