Tháinig cabhlach trálaer le chéile i gCalafort Bhaile Átha Cliath leis an maidneachan mar chuid d'agóid iascairí na tíre in aghaidh ciorruithe ar chuótaí éisc.

55 trálaer as Baile Átha Cliath, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Loch Garmain, Lú agus Port Láirge a bhí páirteach san agóid.

Tar éis dóibh cruinniú ag béal an chalafoirt, sheol siad suas an Life chomh fada le Cé Sir John Rogerson.

Tá na hiascairí thar a bheith míshásata le ciorruithe ar chuótaí, le Comhbheartas Iascaigh an Aontais Eorpach agus leis an gcaoi a bhfuil imeacht na Breataine as an Aontas ag dul i gcion ar thionscal na hiascaireachta in Éirinn.

Tá na sé phríomheagraíocht iascaireachta sa tír ag tacú le feachtas na n-iascairí.

Cabhlach trálaer ar Ché Sir John Rogerson

€1 bhilliún sa bhliain an luach eacnamaíochta atá ar an tionscal iascaireachta in Éirinn agus tá thart ar 16,000 duine ó phobail áitiúla fostaithe ann.

Ó d'imigh an Bhreatain as an Aontas Eorpach, áfach, thit luach an chuóta náisiúnta 15% agus bhunaigh an Rialtas tascfhórsa speisialta le dul le i ngleic le dúshláin den sórt seo sa tionscal.

I dtuarascáil a d'fhoilsigh an tascfhórsa an tseachtain seo caite, moladh go gcuirfí scéim chúitimh ar fáil do lucht iasc geal a ligfeadh dóibh éirí as an iascaireacht idir mí Mheán Fómhair agus mí na Nollag.

Deir na hiascairí a tháinig go Calafort Bhaile Átha Cliath ar maidin, áfach, nach "ag lorg déirce" atá siad.

Is breis cuótaí atá uathu, a deir siad.

Léirsigh na hiascairí i bPáirc Shráid na nGildeanna, in aice le Cé Sir John Rogerson, ag meán lae agus thug siad litir ar láimh don Taoiseach Micheál Martin san Ionad Náisiúnta Comhdhála ina dhiaidh sin.