Tá Jeffrey Donaldson ceaptha ina cheannaire ar an DUP.

Ceapadh é gan toghchán mar nach raibh aon iarrthóir eile ann.

Tá Jeffrey Donaldson ag teacht i gcomharbacht ar Edwin Poots a d'éirigh as mar cheannaire an DUP Déardaoin seo caite.

D'éirigh Edwin Poots as tar éis d'fhormhór fheisirí an pháirtí cur in aghaidh a chinnidh Céad-Aire a ainmniú ainneoin a gcuid míshástachta faoi rún Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart.

Dealraíonn sé gur chreid na feisirí go raibh glactha ag Edwin Poots - de neamhaistear ar chuma ar bith - le cinneadh Rialtas na Breataine maidir le hAcht Gaeilge.

De réir an achta, bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa Tuaisceart feasta agus chuirfí raon leathan seirbhísí poiblí ar fáil sa teanga.

Níos túisce inniu, mhaígh Edwin Poots go raibh gealltanas faighte aige ó Rialtas na Breataine go ndéanfaí leasuithe suntasacha an mhí seo chugainn ar Phrótacal an Tuaiscirt.

"Bua suntasach" a bheadh ann, a dúirt sé, ach níor thug sé aon eolas eile faoin scéal.