Tugadh fear 30 bliain d'aois os comhair cúirte agus é cúisithe ina athair a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath arú aréir.

I gCúirt Dúiche Thamhlachta, cúisíodh Gareth Sheeran i ndúnmharú Harry Sheeran, 65 bliain, ina dteach cónaithe i gceantar Theach na Giúise.

Sádh agus maraíodh Harry Sheeran sa teach i Radharc na Carraige Léithe.

Cuireadh Gareth Sheeran siar faoi choinneáil agus tabharfar os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar é ar nasc físe Dé Máirt seo chugainn.

Ceadaíodh saorchúnamh dlí dó.