Tá an pobal ag lorg soláthar níos mó agus níos leithne i dtaobh na nuachta Gaeilge.

Sin de réir tuarascála atá foilsithe inniu ag TG4, taighde a dhein Ollscoil na hÉireann Gaillimh le comhairle ón gcomhlacht Red C.

Ollscoil na hÉireann Gaillimh a bhí lárnach sa staidéar seo

Tá an sciar de phobal na Gaeilge a ghlac páirt sa taighde ag éileamh tuilleadh nuachta, tuilleadh cláracha cúrsaí reatha, agus tá siad ag iarraidh go ndéanfaí infheistiú sa soláthar nuachta ar-líne agus san iriseoireacht iniúchaidh.

Scéalta atá éagsúil óna meáin i mBéarla atá á shantú ag daoine, agus ina theannta sin tá leagan eile, dearcadh eile, súil eile, ar scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Moltar réimse na nuachta áitiúil a bhíonn ar an teilifís, agus tá'n pobal ag iarraidh go gcuirfí leis an sruth scéalta sin.

Siad TG4 a choimisiúnaigh an staidéar le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

TG4 a rinne coimisiúnú ar an taighde seo

Baineadh leas as grúpaí fócais, as an bpainéal taighde Fios Físe, agus as suirbhé oscailte.

Breis is 800 freagra a fuarthas agus is beag trácht a bhí ar pháipéir nuachta clóite.

Ar-líne a fhaigheann tromlach a gcuid nuachta i ngach aoisghrúpa sa taighde.

Breathnaíonn 84% de na daoine a bhí páirteach ar Nuacht TG4, cé nach ndeirtear sa taighde cé chomh minic is a bhíonn siad ag breathnú.

Ach i measc dhaoine idir 18 agus 34, ón idirlíon nó ar na meáin shóisialta is mó a fhaigheann siad cothú.

Tá láithreach láidir go digiteach ag teastáil le freastal ar dhaoine óga a deir an taighde.

D'iarr go leor sa suirbhé go mbeadh lucht na nuachta ag cur scéalta beo beithíoch ar ardáin ar nús Twitter.

Taispeáineann an taighde go bhfuil lucht labhartha Gaeilge tógtha le Tuairisc.ie agus gur ar fhoínsí eile neamh-thraidisiúnta ar-líne atá an dreám óg ag aimsiú a gcuid nuachta.

Deir an suirbhé go bhfuil éileamh mór ar an iniúchadh, agus táthar ag súil le forbairt níos mó ar an gclár Seacht Lá agus ar chláracha eile den tsórt sin.

Moltar Nuacht TG4 agus Raidió na Gaeltachta as a gcuid saothair ó thaobh nuacht áitiúil, ach tá daoine ag iarraidh níos mó fós faoina bpobal fhéin a fheiceáil agus a chloisteáil.

Agus ó thaobh ábhar náisiúnta agus idirnáisiúnta, ní leagan den ábhar atá ar fáil i mBéarla atá ag teastáil, ach riachtanais chomhaimseartha an phobail teangan a shása.