Léirigh coiste cróinéara faoi bhás George Nkencho i gCo.na Mí i Nollaig seo caite gur piléir ó ghunna ba thruaig bháis dó.

Scaoil garda armtha na piléir le George Nkencho lasmuigh dá theach i gCuain Aodha.

Dúradh go ndeachaigh na piléir ina cholainn agus nach raibh aon ní eile a thug a bhás.

Slua daoine ag agóidíocht faoi nach bhfuil cothrom na féinne a fháil dar leo ag léithidí George Nkencho

Cuireadh tús leis an gcoiste cróinéara seo, atá faoi chúram Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, san RDS ar maidin inniu.

Bhailigh slua mór daoine lasmuigh den ionad lena dtacaíocht a léiriú do mhuintir Nkencho.

Tá an coiste cróinéara curtha ar atráth anois go dtí an 14 Nollaig 2021.