Beidh iarratas os comhair cúirte san India inniu ag fear a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé agus gur éignigh sé Danielle McLaughlin as Bun Cranncha i 2017, ag iarraidh go scaoilfí saor ar bannaí é.

Tá iarratas déanta ag Vikat Bhagat, fear 28 bliain d'aois, a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Danielle McLaughlin, ar bannaí, ar an chúis gur cosúil nach mbeidh aon chás ina choinne roimh i bhfad, de bharr na srianta sláinte a bhaineann le Covid-19.

Dúirt máthair Danielle, Andrea Brannigan, go bhfuil sí imníoch go rachaidh sé ar a theitheadh má scaoiltear saor ar bannaí é.

Dúirt Andrea Brannigan gur chuir sé alltacht uirthi nuair a chuala sí go raibh iarratas a dhéanamh aige ar bannaí, agus dúirt sí nach bhfuil freagraí ar bith faighte ag a teaghlach go fóill faoi dhúnmharú a hiníne.

Fuarthas Danielle McLaughlin ina luí marbh i gceantar iargúlta in Goa san India i mí an Mhárta 2017.