Tá fear gafa agus á cheistiú ag gardaí faoi bhás fir eile i gContae Bhaile Átha Cliath.

Tuigtear gur sáthadh an fear i dteach cónaithe i ndeisceart an chontae aréir.

Fear sna seascaidí a maraíodh, agus tharla an eachtra go gairid roimh mheánoíche i gceantar Theach na Giúise.

Bhí an fear atá gafa, ar cuairt ag an té a maraíodh, ag an am.

Is féidir an fear sin, atá sna tríochaidí, a cheistiú ar feadh 24 uair a'chloig.

Tá fiosrúchán dúnmharaithe bunaithe.

Deir na gardaí nach bhfuil aon duine eile á lorg acu faoi láthair i dtaca leis an eachtra seo.

Tá siad ag iarraidh áfach ar aon duine eile a mbeadh aon eolas acu i dtaobh ar tharla, a theacht chun cinn.