Is fearr aithne ag pobal na Gaeilge ar Mháirtín Ó Cadhain mar ghearrscéalaí agus úrscéalaí ach ón lá inniu amach beidh fáil ar a shaothar mar fhoclóirí agus mar theangeolaí. Is iad Acadamh Ríoga na hÉireann a chnuasaigh Foclóir Mháirtín Uí Chadhain ina bhfuil leath mhilliún focal de théacs - agus níl sa mhéid seo ach an chéad leath den saothar foclóireachta.

Deich mbliana a chaith Máirtín Ó Cadhain i mbun oibre ar an saothar foclóireachta seo a chuir Acadamh Ríoga na hÉireann ar fáil ar líne inniu. Is mar chuid de thogra foclóireachta Gaeilge-Béarla a bhí ag an Ghúm a thosaigh fear an Chnocáin Ghlais sa Spidéál ar an obair – chuir sé an chéad sciar focail chuig an Ghúm i 1937 agus lean sé ar aghaidh go dtí 1946.

Cé gur cuireadh roinnt mhaith de na focail a bhailigh sé isteach san fhoclóir Gaeilge-Béarla (faoi eagarthóireacht Néill Uí Dhónaill) a foilsíodh i 1977, seo é an chéad uair ó bailíodh iad atá na focail ar fáil d'aon duine seachas scoláirí, foclóirithe agus foireann an Acadaimh Ríoga.

Tá breis is 1.1 milliún focal de théacs sa saothar a chuir an Cadhnach le chéile ach níl ach an leath chuid acu á gcur ar fáil ag an Acadamh inniu faoin ainm Foclóir Mháirtín Uí Chadhain. Rachaidh an tAcadamh i mbun oibre ar an leath eile anois ach is éacht an méid seo féin.

Mhínigh an Dr. Charles Dillon, eagarthóir an togra foclóireachta, do Nuacht go bhfuil tábhacht as cuimse le Foclóir Uí Chadhain de bhrí go bfhuil sé ar an bheagán foclóirí Gaeilge-Gaeilge atá againn. "Foclóir Gaeilge Gaeilge a cheap Máirtín Ó Cadhain ón tús agus a chuir sé faoina choinne a chur ar fáil. Foinse agus sampla luachmhar atá ann don té a bheadh ag iarraidh foclóir Gaeilge-Gaeilge comhaimseartha a chur ar fáil." Ach dúirt sé go dtug an saothar seo dúshlán don mheitheal a bhí ag obair air sa mhéid go raibh siad cleachtaithe sa Ghaeilge le bheith ag plé le foclóirí dátheangacha. "An sainmhíniú a bhíonn ar fhocal go minic, is i mBéarla a bhíonn sé nó i nGaeilge, ach seo anois an ceannfhocal, sainmhíniú, míniú agus samplaí agus iad ar fad i nGaeilge – rud atá fíor eisceachtúil agus rud a bheidh ina chabhair mhór amach anseo."

Níl litreacha uilig na haibítre san fhoclóir seo, áfach. Baineann an chuid is mó den mhéid a foilsíodh inniu leis an litir D. Mhínigh an Dr Colm Ó Cuaig, ó fhoireann an fhoclóra go raibh cur chuige Mháirtín Uí Chadhain suimiúil. "Ach ní raibh sé d’am aige dhul thríothu uilig," a dúirt Colm, "mar gheall go raibh na samplaí a bhí sé a thabhairt chomh mór agus chomh fada go mbeadh sé ag plé leis ó shin dá dtosódh sé ag an litir A!"

Cuireadh Máirtín Ó Cadhain i ngéibheann i gCurach Chill Dara agus níor scaoileadh saor é go dtí 1944. Ach lean sé air ag obair ar an fhoclóir go dtí gur cuireadh deireadh leis an togra I 1946.

Tá fáil ar Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain ag https://focloiruichadhain.ria.ie