Tá an t-imreoir sacair, Christian Eriksen, curtha abhaile ón ospidéal tar éis obráid croí a bheith déanta air ag an Rigshospitalet i gCóbanhávan.

Stop a chroí le linn dó a bheith ag imirt ar fhoireann na Danmhairge i gcoinne na Fionlainne i gcluiche de chuid Chraobhchomórtas Peile na hEorpa 2020.

Cuireadh dífhibrileoir cardaithiontaire in-ionphlandaithe ina chroí le linn na hobráide, a oibreoidh go huathoibríoch lena chroí a thosú, sa gcás go stopfaidh sé arís.

Ba ghá an t-imreoir, 29 bliain d'aois, a athbheochan ar an bpáirc ag Staid Parken i gCóbanhávan nuair a thit sé chun talaimh i rith an chluiche i gcoinne na Fionlainne.

Ghabh sé buíochas le gach duine a chuir a mbeannachtaí in iúl dó ó tharla an eachtra.

"Bhí rath ar an obráid", a dúirt sé. "Táim ag déanamh go maith, faoi na cúinsí."