Deir feirmeoirí i ndeisceart Chontae Thiobraid Árann go bhfuil madraí tar éis suas le 30 caora a mharú ansin le seachtain anuas.

Tháinig Feoirmeoirí ar Shléibhte Chnoc Mhaoldomhnaigh ar na caoirigh agus na huain óga marbh ar an gcnoc le laethanta anuas.Deir said go bhfaca siad dhá mhadra ag dul i ndiaidh na gcaorach ar an gcnoc ach níl fhios acu cá bhfuil na madraí imithe anois.Dúirt feirmeoir aitiúil, PJ English, go bhfuil an pobal feoirmeoireachta sa cheantar trína chéile ag an méid atá tárlaithe. Dúirt sé go bhfuil an eachtra tar éis alltacht a chur orthu agus go bhfuil cailliúint mhór airgid i gceist chomh maith dóibh. Dúirt se go raibh cuid de na feirmeoirí ag dul ar an gcnoc ar 4am anois ag féachaint ar a gcuid caorach mar go bhfuil eagla ortha go bhfillfidh na madraí arís.Inniu rinne Cumann na bhFeirmeoirí achainní ar an Roinn Talmhaiochta go gcuirfí pionós níos troime ar dhaoine nach bhfuil a gcuid madraí faoi smacht acu nó a dhéanann damáiste d'ainmhithe feirme.

Dúirt John Joe Mac Gearailt ón gCumann go bhfuil feirmeoirí i ndeireadh na feide agus go bhfuil imní orthu de bharr madraí a bheith imithe ó smacht. Dúirt sé gur tharla eachtra i gCo. Chiarraí le deanaí inar imigh madra de phór Alsatian ó smacht ó fhear ar an gcnoc agus gur mharaigh an madra sin caora. "Níl aon chead ag daoine nó coisithe madraí a thabhairt ar an gcnoc agus má dhéanann, glaofar ar na Gardaí", a dúirt John Joe.Tá gearán déanta leis na Gardaí faoin marú atá tárlaithe i dTiobraid Árann agus iarrachtaí ar bun go foill ag feirmeoirí ansin teacht ar na madraí ar na sléibhte.