Tá sé ráite ag an Taoiseach, Micheál Martin, go bhfuil an tseachtain amach romhainn ar an "tseachtain is mó" ó thaobh an chláir vacsaínithe de.

Thar an deireadh seachtaine, beidh a gcéad dáileog faighte ag 66% den daonra agus beidh vacsaíniú iomlán déanta ar 33%.

Thug sé le fios go dtabharfar 330,000 dáileog don phobal an tseachtain seo agus faoi dheireadh na seachtaine, go mbeidh 3.5 milliún dáileog in iomlán tugtha.

Ghabh sé buíochas leo siúd ar fad a bhfuil baint acu leis an gclár vacsaínithe.

Tá dul chun cinn ana-mhaith déanta, a dúirt sé, ó thaobh líon na gcásanna tromchúiseacha a laghdú. Ní bhaineann ach 2% de chásanna nua le daoine os cionn 65 bliain d'aois.

Tá líon na ndaoine in aonaid dianchúraim na tíre leis an ngalar laghdaithe go 18. Bhí os cionn 200 duine iontu ag buaicphointe na ráige deireanaí i mí Eanáir.

Tá an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Tony Holohan, le bualadh leis na húdaráis sláinte ó thuaidh inniu chun plé a dhéanamh ar leathadh an athraithigh Deilte ón Ind.

Dúirt an Taoiseach nach bhfuil plé á dhéanamh faoi láthair ar shrianta taistil a thabhairt i bhfeidhm idir an Tuaisceart agus an Phoblacht chun smacht a fháil ar leathadh an athraithigh sin.

Ach, a dúirt sé, beidh sé sásta éisteacht le comhairle sláinte poiblí agus go bhfanfadh sé ar eolas ón gcruinniú inniu.