Tá sé curtha i leith Insurance Ireland ag rialtóirí iomaíochta an Aontais Eorpaigh gur chuir siad srian ar an rochtain a bhí ag comhlachtaí árachais áirithe ar árdan roinnte sonraí.

Cuireadh an méid sin i leith Insurance Ireland tar éis fiosrúcháin, a mhair ar feadh dhá bhliain.

Dúirt rialtóirí iomaíochta an Aontais Eorpaigh go léiríonn réamhthorthaí a bhfiosrúcháin gur chuir Insurance Ireland moill ar chumas comhlachtaí árachais áirithe an t-ardán - ar a dtugtar Insurance Link - a úsáid, nó gur i gcásanna áirithe, gur dhiúltaigh siad cead a thabhairt dóibh é a úsáid ar chor ar bith.

Thug na rialtóirí le fios i ráiteas go bhfeictear dóibhsean go mbeadh ar chomhlacht a bheith ina bhall de Insurance Ireland sula dtabharfaí cead dóibh an t-ardán a úsáid, agus a deir siad, níl sé sin ceart ná cóir.

Clúdaíonn baill de Insurance Ireland 90% de pholasaithe tiomána sa tír seo. I measc na mball, tá leithéidí FBD, Aviva, RSA, Allianz, AIG, Liberty Insurance agus Zurich.

Tá na rialtóirí iomaíochta den tuairim go bhfuil na comhlachtaí nach bhfuil fáil acu ar an ardán chun sonraí a roinnt faoi mhíbhuntáiste iomaíochta.

Ní hamháin go bhfuil na comhlachtaí faoi mhíbhuntáiste, ach tá tomhaltóirí iad féin faoi mhíbhuntáiste dá bharr, a deir siad.

Níl ráiteas curtha ar fáil ag Insurance Ireland go fóill.