Tá ag géarú ar an iomaíocht sa mhargadh mórgáistí agus tá an rogha atá ar fáil do thomhaltóirí ag dul i bhfeabhas.

Tá sé fógartha ag Avant Money go bhfuil siad le rogha fhairsing rátaí úis téarma seasta a thairiscint do chustaiméirí. Ina measc, den chéad uair riamh i margadh mórgáistí na hÉireann, beidh an chéad ráta seasta a mhairfidh go ceann 30 bliain ar fáil.

Ciallaíonn sé sin gur féidir le custaiméirí a ráta úis a shocrú do thréimhse iomlán a mórgáiste.

I gcás custaiméirí a bhfuil iasacht le hardchoibhneas iasachta in aghaidh luacha (>60%) acu, is féidir leo a ráta úis a shocrú ag 2.85% go ceann 30 bliain.

Tagann an fógra seo sna sála ar fhógra Finance Ireland go bhfuil siad chun ráta úis seasta a mhairfidh go ceann 20 bliain a chur ar fáil.

Agus cuireann One Mortgage ráta úis de 2.25% ar fáil, a mhaireann go ceann 15 bliain.

Braitheann rátaí úis go mór ar an gcoibhneas iasachta in aghaidh luacha. I gcás daoine go bhfuil coibhneas íseal iasachta in aghaidh luacha acu (>90%), beidh ráta is bhfad níos airde acu thar thréimhse sheasta. Mar shampla, íocfaidh siad 3.1% le Avant Money thar thréimhse 30 bliain.

Tá sé ráite ag Cumann na gComhairleoirí Mórgáiste inniu go bhfuil na téarma seasta fada seo ag teacht le cleachtais san Aontas Eorpach. Ach, a dúirt siad, faigheann custaiméirí i go leor de na ballstáit rátaí i bhfad níos ísle, fiú.