Tá tréimhse mhíshocrachta agus éiginnteachta i ndán do Thuaisceart Éireann, i bhfianaise fhógra cheannaire an DUP, Edwin Poots, go bhfuil sé le héirí as a phost. Ní raibh ach 21 lá caite aige sa ról sin.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney inniu, gurb é an rud is lú atá uaidh mhuintir Thuaisceart Éireann faoi láthair ná go mbeidh deighilt sa pháirtí is mó ansin.

D'fhógair Edwin Poots go n-éireodh sé as mar cheannaire tar éis d'fhormhór fheisirí a pháirtí cur in aghaidh a chinnidh Céad-Aire a ainmniú, ainneoin a gcuid míshástachta faoi chinneadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart.

Dúirt Edwin Poots go raibh iarrtha aige ar chathaoirleach an DUP próiseas toghchánaíochta do cheannaire nua a chur ar bun.

Bhí Edwin Poots ar dhuine de na príomhúdair a bhí freagrach as Arlene Foster a dhíbirt as a post mar cheannaire ar an DUP.

Tá an cruinniú iomlánach den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas i gContae Ard Mhaca a bhí le bheith ar siúl inniu curtha ar athló i bhfianaise na n-eachtraí seo.

Tá Acht na Gaeilge ó thuaidh ina chnámh spáirne le fada. Bhí an DUP i gcónaí glan in aghaidh a leithéid a chur i bhfeidhm. De réir an achta, bheadh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa Tuaisceart feasta.

I ndeireadh na dála, d'fhógair Westminster go gcuirfidís a leithéid i bhfeidhm mura n-éireodh le Tionól Stormont é a dhéanamh faoi mhí Mheán Fómhair.

Bhí go leor d'fheisirí an DUP i gComhthionól Stormont míshásta faoi chinneadh Edwins Poots leanúint ar aghaidh agus Céad-Aire a ainminiú, ainneoin fhógra Westminister.