D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 373 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Dúirt an Roinn arís eile tráthnóna go mb'fhéidir nach bhfuil an figiúr seo cruinn agus go bhféadfaí é a nuashonrú amach anseo.

Tá 54 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, 18 acu in aonaid dianchúraim.

Fógraíodh níos túisce inniu freisin go bhfuil 179 cás nua Covid-19 sa Tuaisceart.

Tá 2,155 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 124,160 duine ó thús na paindéime.

Tá sé othar déag le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh. Níl aon duine acu in aonad dianchúraim.