Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, gur taifeadadh 180 cás den athraitheach Deilte ar an gcoróinvíreas sa Stát go dtí seo.

Thug an Dr Henry le fios nach bhfuil aon amhras ná go n-ardóidh líon na gcásanna den athraitheach seo in Éirinn mar atá tarlaithe cheana féin i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.

Ag preasócáid sheachtainiúil Fheidmeannacht na Seirbhíse Sláinte, mhol sé do dhaoine a bhfuil an chéad instealladh den vacsaín AstraZeneca faighte acu a chinntiú go bhfaighidh siad an dara ceann.

Tá éifeachtacht 92% ag baint leis an dara hinstealladh den vacsaín AstraZeneca, a dúirt sé.

Dúirt an Dr Henry chomh maith gur fíorbheagán cásanna Covid-19 atáthar a aimsiú in ionaid chúraim shláinte anois i gcomórtas le tús na bliana.

Cás fánach anseo is ansiúd a aimsítear in ionaid chúraim shláinte ar na saolta seo le hais na gcúig chéad cás a fuarthas in imeacht seachtaine amháin i lár mhí Eanáir, a dúirt sé.

Ag an bpreasócáid chéanna, thug ceannasaí na Feidhmeannachta Paul Reid le fios go bhfuil dáileog amháin de vacsaín Covid-19 faighte ag 2.3 milliún duine - sin 61% de na daoine incháilithe.

Tá dhá dháileog faighte ag 1.2 milliún - sin 31% den dream incháilithe, a dúirt sé.