Tá Paul Givan ón DUP agus Michelle O'Neill ó Shinn Féin ceaptha mar Chéad-Aire agus mar LeasChéad-Aire an Tuaiscirt faoi seach ag suí speisialta de chomhthionól Stormont.

D'ainmnigh ceannaire an DUP Edwin Poots Paul Givan agus d'ainmnigh Aire Airgeadais an Tuaiscirt, Conor Murphy ó Shinn Féin, Michelle O'Neill.

Tá Paul Givan ag teacht i gcomharbacht ar Arlene Foster a d'éirigh as mar Chéad-Aire Dé Luain seo caite.

Ag labhairt dó sa chomhthionól i ndiaidh a cheapacháin, ghabh Paul Givan buíochas le Edwin Poots faoi mhuinín a bheith aige as agus mhaígh sé go ndéanfadh sé a dhícheall ar son mhuintir an Tuaiscirt.

Dúirt sé gur mó na cosúlachtaí ná na héagsúlachtaí atá ag daoine sa Tuaisceart lena chéile.

Mhaígh Michelle O'Neill gur chuir an DUP in aghaidh dhul chun maidir le cearta daoine agus nach raibh súil aici go n-athróidís a bport.

Mar sin féin, a dúirt sí, oibreoidh sí i gcomhar le páirtithe eile i Stormont d'fhonn leasuithe sóisialta forásacha a chur i bhfeidhm.

Níos túisce, d'iarr baill den DUP ar Edwin Poots gan Paul Givan a ainmniú i bhfianaise chinneadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach