Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an scéala go bhfuil reachtaíocht Gaeilge le tabhairt isteach ó thuaidh.

I ráiteas dúirt an Conradh "cúig bliana déag ó gealladh Acht na Gaeilge a thabhairt isteach ag Cill Rímhinn, caithfidh Rialtas na Breataine a gcuid dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh faoi dheireadh Dheireadh Fómhair 2021, agus an Coimisinéir a bheith ceaptha faoi 2022 tráth nach déanaí."

Dúirt uachtarán Chonradh na Gaeilge an Dr Niall Comer gur "forbairt é seo a gcuirtear fáilte roimhe san fheachtas ar son cearta teanga anseo agus is toradh é ar an fheachtas pobail le fada an lá ... .

"Is mian linn gach duine a mholadh atá toilteanach an fód a sheasamh ar son cearta teanga anseo."

Mhol Conchúr Ó Muadaigh, bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, idirghabháil Rialtas na Breataine sa scéal agus dúirt sé go n-oibreoidh an páirtí i gcomhar leis na páirtithe polaitíochta le cinntiú go gcuirfear an reachtaíocht i bhfeidhm.