Tá baill shinsearacha den DUP ag éileamh ar cheannaire an pháirtí Edwin Poots gan Paul Givan a ainmniú mar Chéad-Aire an Tuaiscirt inniu de bharr na himní a deir siad atá orthu faoi chinneadh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge a thabhairt isteach.

Scríobh Edwin Poots chuig feisirí Stormont agus Westminster an DUP á dheimhniú go n-ainmneoidh sé Paul Givan mar Chéad-Aire chomh luath agus is féidir.

Tá an t-ainmniúchán le déanamh ag cruinniú speisialta de chomhthionól Stormont tráthnóna.

Tá seachtar d'fheisirí Westminster an pháirtí agus cúigear eile i dTeach na dTiarnaí ag iarraidh air an t-ainmniúchán a chur siar, áfach.

Is é Ian Paisely an t-aon duine den ochtar feisirí atá ag an bpáirtí i Westminster gan an t-iarratas seo a dhéanamh.

Tá an seachtar eile ag iarraidh bualadh le Edwin Poots gan spás leis an scéal a phlé, a deir siad.

Tuairiscítear chomh maith gur vótáil 24 den 28 feisire comhthionóil atá ag an DUP in aghaidh Paul Givan a ainmniú faoi láthair de bharr chinneadh Rialtas na Breataine an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach.

Chaith na feisirí a vótaí ag cruinniú a bhí acu ar maidin, a deirtear.