Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go mbeidh an páirtí san airdeall ar eagla go ndéanfadh an DUP iarracht i bparlaimint Westminster constaicí a chur sa bhealach ar Acht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart.

D'fhógair Rialtas na Breataine go deireanach aréir go rithfí an t-acht i Westminster san Fhómhar mura nglacfaí leis i Stormont idir dhá linn.

Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh Mary Lou McDonald go bhfuil amchlár nithiúil ann anois maidir le hAcht Gaeilge.

Thug sí le fios, áfach, go gcaithfí a bheith airdeallach nach gcuirfeadh an DUP constaic éigin ag obair ar an nóiméad deireanach.

Dúirt Mary Lou McDonald gur phléigh sí an cheist seo le Rialtas na Breataine agus go bhfuil sí sásta nach ligfear don DUP an dul chun cinn a chur ó mhaith.

Ina dhiaidh sin féin, a mhaígh sí, tá éirithe leis an DUP go dtí seo dul sa bhealach ar chearta pósta agus ar chearta atáirgthe.

Tá sé ráite go neamhbhalbh cheana ag ceannaire an DUP Edwin Poots, a dúirt sí, nach rithfear Acht Gaeilge i bhfeidhmeannas Stormont ná sa chomhthionól agus is léir nach n-athróidh sé a phort idir seo agus an Fómhar.

Ceistíodh Mary Lou McDonald chomh maith faoi ráiteas an Tánaiste Leo Varadkar go bhféadfaí Éire a athaontú i gcaitheamh a shaolré féin. Dar léi go raibh "an ceart ar fad aige" é sin a rá.