Tá sé deimhnithe go dtabharfaidh Rialtas na Breataine Acht Gaeilge isteach sa Tuaisceart mura rithfear an reachtaíocht i Stormont faoi dheireadh Mheán Fómhair. D'fhógair Rialtas na Breataine an cinneadh go gairid tar éis meánoíche aréir.

De réir an achta, beidh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa Tuaisceart feasta.

Cuirfear raon leathan seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge, cuirfear oideachas trí Ghaeilge chun cinn agus cuirfear comharthaíocht dhátheangach ar fáil ar fud an Tuaiscirt.

Tuigtear go gcuirfear tús le Coimisinéir Gaeilge, chomh maith le Coimisinéir Ultaise, a cheapadh i mí Dheireadh Fomhair.

Cé gur aontaigh páirtithe polaitíochta an Tuaiscirt i mí Eanáir anuraidh Acht Gaeilge a thabhairt isteach, ní raibh an DUP sásta glacadh leis ina dhiaidh sin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur cor iontach é do lucht na Gaeilge an scéala a fógraíodh aréir.

D'éirigh le Sinn Féin, a mhaígh sí, bacóireacht an DUP a shárú.

Bhí an baol ann go scoirfí feidhmeannas Stormont mura dtiocfaí ar chomhaontú roimh Dé Luain seo chugainn.

I bhfianaise an tsocraithe nua, glacfaidh Sinn Féin le hainmniúchán Paul Givan ón DUP mar Chéad-Aire agus ainmneoidh siad féin Michelle O'Neill arís mar LeasChéad-Aire.

Meastar go ndéanfar na hainmniúcháin níos deireanaí inniu.

Dúirt Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Brandon Lewis go raibh sé sásta gur tháinig an dá pháirtí ar chomhaontú

Thug ceannaire an DUP Edwin Poots le fios nárbh é gnó an pháirtí sin riamh rialacha dochta daingeana a leagan síos maidir le dílárú na cumhachta.

Tá cúrsaí sláinte, cúrsaí oideachais agus an eacnamíocht i bhfad níos tábhachtaí ná an ealaíon a bhíonn ar bun ag páirtithe polaitíochta, a dúirt sé.

Mar sin féin, níor dheimhnigh Edwin Poosts pé acu i Stormont nó i Westminster a rithfear an reachtaíocht teanga san Fhómhar.

Tá fáilte curtha ag an Taoiseach Micheál Martin roimh an socrú.

Dúirt sé go bhfuil muintir na hÉireann agus na Breataine aron ag brath ar sheasmhacht an fheidhmeannais i Stormont agus ar na forais a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.