Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 283 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Dúirt an Roinn arís eile tráthnóna go mb'fhéidir nach bhfuil an figiúr seo cruinn agus go bhféadfaí é a nuashonrú amach anseo.

Tá 60 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin seachtar níos lú ná inné. Tá 23 acu in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.

Dearbhaíodh níos túisce inniu freisin go bhfuil 115 cás nua Covid-19 sa Tuaisceart.

Tá 2,155 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 123,981 duine ó thús na paindéime.

Tá cúig othar déag le Covid-19 in ospidéil ó thuaidh. Níl aon duine acu in aonad dianchúraim.