Tá Grúpa Oibre bunaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta agus ag an Aire Tithíochta le breathnú ar dheacrachtaí pleanála sa Ghaeltacht agus moltaí ina leith a dhéanamh.

Dúirt an dá Roinn Stáit le RTÉ/7Lá go bhfuiltear ag súil go bhfeicfear toradh ar an Ghrúpa Oibre amach sa bhliain.

Oifigigh shinsearacha ón dá Roinn, chomh maith le hionadaithe ó na húdaráis áitiúla a fheidhmíonn i gceantair Ghaeltachta, atá páirteach sa Ghrúpa Oibre. Bhí dhá chruinniú ag na baill go dtí seo.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Tithíochta go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar na treoirlínte maidir le tithíocht inbhuanaithe tuaithe a eisíodh in 2005 mar aon leis an Phlean Forbartha Náisiúnta (2007–2013), treoirlínte a bhfuil tionchar acu ar fhorbairt cheantar Gaeltachta, dar leo.

Bunaíodh an Grúpa Oibre tar éis cruinnithe idir Chonradh na Gaeilge, an tAire Tithíochta agus Aire Stáit na Gaeltachta.

"Tá na fadhbanna leis an gcóras pleanála le feiceáil ar fud fad na gceantar Gaeltachta agus is léir domsa nach bhfuil an córas reatha feiliúnach don Ghaeltacht," a deir Mairéad Ní Fhatharta, cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge.

Tá moltaí maidir le Polasaí Náisiúnta do Phleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid an Aire Tithíochta ag an Chonradh.

Cúig mholadh atá sa cháipéis atá feicthe ag 7Lá:

- Go ndéanfaí measúnacht tionchar teanga neamhspleách

- Go mbeadh caighdeán cuí Gaeilge ag an duine ag lorg cead pleanála

- Go mbeadh srianta ar eastáit tithíochta agus ar thithe saoire

- Go mbeadh tithíocht shóisialta ar fáil do phobal na Gaeltachta

- Go ndéanfaí an phleanáil fhisiciúil in éindí leis an phleanáil teanga.

Moltar bearta go leor eile sa cháipéis atá ceithre leathanach déag ar fhad.

Deir an Conradh go bhful gá le gníomh dearfach faoi leith chun an Ghaeltacht a chosaint.

Léirigh an daonáireamh deireanach gur tháinig titim 11% i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht idir 2011 agus 2016.

Pléifear an t-ábhar seo ar 7Lá ar TG4 ag 8 a chlog anocht