Déardaoin 8 Iúil a chaithfear na vótaí san fhothoghchán i ndáilcheantar Chuan Bhaile Átha Cliath Theas.

Tuigtear go n-eiseofar an t-eascaire amárach.

Gairmeadh an fothoghchán san Aibreán tar éis don Teachta Dála Eoghan Murphy ó Fhine Gael éirí as.

Fuair seisean 28% de na vótaí céadrogha san olltoghchán anuraidh, agus ina fhianaise sin is é iarrthóir Fhine Gael an uair seo James Geoghegan rogha na coitiantachta.

Murab ionann agus olltoghchán, áfach, ní mór don iarrthóir buacach os cionn 50% de na votaí a fháil - idir vótaí céadrogha agus aistrithe.

Beidh an bheirt Sheanadóirí - Lynn Boylan ó Shinn Féin agus Ivana Bacik ó Pháirtí an Lucht Oibre - ag brath go mór ar aistrithe má tá siad leis an gceann is fearr a fháil ar an Eochagánach, an t-aon iarrthóir fireann ó na páirtithe polaitíochta.

Tá Lynn Boylan agus Sarah Durcan ó na Daonlathaithe Sóisialta ag díriú ar chúrsaí tithíochta agus iad i mbun canbhasála.

Is í Deirdre Conroy iarrthóir Fhianna Fáil, tá Claire Byrne ag seasamh don Chomhaontas Glas, Mairéad Tóibín d'Aontú agus Brigid Purcell do Phobal Roimh Bhrabús.

Ina dhiaidh sin, meastar faoi láthair gur idir James Geoghegan agus Lynn Boylan a bheas sé.