Thug an Taoiseach Micheál Martin le fios gur os cionn €1 bhilliún a chosnós sé ar deireadh tithe a tógadh le brící lochtacha míoca a atógáil nó a athchóiriú.

Mhaígh an Taoiseach go ndéanfaidh an Rialtas gach ar féidr leo le cuidiú le húinéirí na dtithe sin.

Dúirt sé gurb ainnnis an scéal é agus gur scannal atá ann.

Tá gach duine ag iarraidh an rud cóir a dhéanamh, a dúirt sé, ach scéal casta atá ann mar go bhfuil deacrachtaí éagsúla ag úinéirí éagsúla.

Léirsitheoirí míoca as Dún na nGall sa phríomhchathair inniu

Dheimhnigh an Taoiseach go bhfuil an tAire Tithíochta Darragh O'Brien le breathnú ar an scéim chúitimh atá ann faoi láthair arís agus é mar aidhm aige í a fheabhsú.

Ní mór aon scéim nua a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir, a dúirt sé.

Ag tabhairt freagra a bhí an Taoiseach ar cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald a mhaígh gur loic an Stát ar úinéirí na dtithe agus gur rialáil scaoilte san earnáil tógála ba chúis leis an scannal.