Léirsigh na mílte daoine as Dún na nGall agus Maigh Eo i mBaile Átha Cliath inniu agus iad ag éileamh scéim chúitimh 100% don dream a bhfuil a dtithe millte ag brící lochtacha míoca.

Tógadh idir 4,000 agus 5,000 teach i nDún na nGall le brící míoca. Tugann na brící seo uathu agus scoilteann ballaí.

Faoin scéim chúitimh a d'aontaigh an Rialtas roimh an olltoghchán anuraidh, bheadh ar úinéirí tithe 10% den chostas athchóirithe a chur ar fáil iad féin.

Cuireadh tús ag am lóin leis an agóid taobh amuigh den Ionad Comhdhála ar Ché an Phoirt Thuaidh, áit a bhfuil an Dáil ina shuí faoi láthair mar gheall ar shrianta Covid-19.

Thug na léirsitheoirí aghaidh ina dhiaidh sin ar Theach Laighean ar Shráid Chill Dara.

Tuigtear go bhfuil feidhmeannaigh ón Roinn Tithíochta ag breathnú ar an scéim chúitimh a leasú agus an costas iomlán atógála nó athchóirithe a íoc le daoine mar atá á éileamh. Meastar go leagfar síos uasmhéid airgid mar sin féin.

Is cosúil go bhfuil lucht na Roinne Tithíochta i mbun comhráite lena gcomhghleacaithe sa Roinn Caiteachais Phoiblí maidir leis an leasú seo.

Dúirt cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Rena Donaghey ó Fhianna Fáil, go mbeidh cruinniú chomh maith ag an Taoiseach Micheál Martin leis an Ard-Aighne Paul Gallagher an tseachtain seo leis an gceist a phlé.

Mhaígh sí go dtuigeann an Taoiseach go maith an scannal a bhaineann leis na brící míoca.

Dúirt duine de Theachtaí Dála Dhún na nGall, Pádraig Mac Lochlainn ó Shinn Féin, go gcuirfidh an páirtí rún os comhair na Dála inniu ag éileamh scéim chúitimh 100% a chur ar fáil.

Dheimhnigh ceannaire Aontú Peadar Toibín go mbeidh sé féin ag tacú leis an agóid i mBaile Átha Cliath inniu.

Má cuireadh scéim chúitimh 100% ar fáil le tithe i mBaile Átha Cliath a bhí millte ag pirít a athchhóiriú, a dúirt sé, caithfear an cúiteamh céanna a chur ar fáil do dhaoine i nDún na nGall agus i Maigh Eo ar tógadh a dtithe le brící míoca.