Dúirt Aire Airgeadais an Tuaiscirt, Conor Murphy ó Shinn Féin, nach n-ainmneoidh an páirtí LeasChead-Aire mura dtabharfar reachtaíocht teanga isteach taobh istigh den achar ama a d'aontaigh na príomhpháirtithe ar fad ó thuaidh i mí Eanáir anuraidh.

Is fíor do cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, a dúirt sé, nach bhfuil aon mhaith a thuilleadh i gcainteanna leis an DUP mar nach bhfuil rún ar bith ag an bpáirtí sin a ngealltanais a chomhlíonadh.

Aréir, thug Mary Lou McDonald le fios gur thairg Rialtas na Breataine roinnt seachtainí ó shin Acht Gaeilge a rith i Westminster ach gur fhreagair Sinn Féin ag an am gurbh fhearr leis an bpáirtí gur i Stormont a a thabharfaí an reachtaíocht isteach.

Dúirt sí gur léir anois, áfach, nach bhfuil gar níos mó i gcainteanna leis an DUP faoin gceist.

Os a choinne sin, thug Sammy Wilson ón DUP le fios nár chóir do Rialtas na Breataine géilleadh d'iarratas ó Shinn Féin agus reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart gan spleáchas don rialtas díláraithe i Stormont.

Dúirt Sammy Wilson gur baineadh an bonn de dhílárú na cumhachta ó thuaidh an uair dheireanach a thug Rialtas na Breataine reachtaíocht isteach beag beann ar pholaiteoirí.

Ag trácht a bhí sé ar an reachtaíocht maidir le ginmhilleadh a tugadh isteach sa Tuaisceart i mí Dheireadh Fómhair 2019, tráth nach raibh an rialtas díláraithe i Stormont ag feidhmiú.

Tar éis do Arlene Foster éirí as mar Chéad-Aire an Tuaiscirt inné, tá seachtain ag an DUP agus Sinn Féin le teacht ar chomhaontú úr agus dul i mbun comhrialtais le chéile arís.

Cé go bhfuil Paul Givan ainmnithe mar Chéad-Aire ag ceannaire nua an DUP Edwin Poots, ní mór do Shinn Fein glacadh lena ainmniúchán agus LeasChéad-Aire a ainmniú iad féin.

Mura n-éireoidh leis an dá pháirtí margadh a dhéanamh, scoirfear Feidhmeannas Stormont agus beidh ar Stát-Rúnaí an Tuaiscirt toghchán comhthionóil a ghairm.