Tá an maolú a bhí le déanamh ar shrianta Covid-19 i Sasana seachtain ó inniu curtha siar ag Rialtas na Breataine go ceann ceithre seachtaine eile ina dhiaidh sin.

Tá feisirí parlaiminte i Westminster le vóta a chaitheamh ar an gcinneadh agus tuigtear go bhféadfadh go leor cúlbhinseoirí ón bpáirtí Caomhach vótáil ina aghaidh.

Bhí sé i gceist tuilleadh daoine a cheadú ag ócáidí agus imeachtaí poiblí ón Luan seo chugainn ach chuathas siar ar an gcinneadh sin agus an t-athraitheach ar an gcoróinvíreas a aimsíodh i dtosach san India ag scaipeadh go tréan in áiteanna i Sasana.

Mhol saineolaithe sláinte poiblí do Rialtas na Breataine gan srianta a mhaolú tuilleadh nó go mbeadh níos mó daoine iomlán vacsaínithe agus díonta ón víreas.

Taifeadadh 7,742 cás nua Covid-19 sa Bhreatain inniu agus bhásaigh triúr eile.

Measann na saineolaithe go bhféadfadh 15,000 cás sa ló a bheith á dtuairisciú faoi cheann seachtaine má mhaireann an treocht atá ann faoi láthair.