D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 242 cás nua Covid-19 sa Stát ó inné.

Thug an Roinn le fios mar is gnách go mb'fhéidir nach bhfuil an figiúr seo cruinn agus go bhféadfaí é a nuashonrú amach anseo.

Tá 67 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre. Tá 23 acu in aonaid dianchúraim, sin duine níos mó ná inné.

Léiríonn staidreamh nua ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú go bhfuil 22.9% de dhaonra an Stáit iomlán vacsaínithe agus go bhfuil dáileog amháin ar a laghad de cheann de na vacsaíní faighte ag 56.6% den daonra.

Fógraíodh inniu freisin nach bhfuil aon duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart ach go bhfuil 87 cás nua ann.

Tá 2,155 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus tá sé tolgtha ag 123,866 duine ó thús na paindéime.