Tá sé tugtha le fios ag Aer Lingus go gcuirfidh siad féin ar fáil ar bhonn sealadach cúig cinn de na seirbhísí aeir a bhíodh á gcur ar fáil thar a gceann roimhe seo ag Stobart Air.

Tá sé i gceist ag Aer Lingus na cúig sheirbhís a chur ar fáil as seo go ceann cúig seachtaine, a dúradh.

Is iad na seirbhísí sin Baile Átha Cliath / Dún Éideann, Baile Átha Cliath / Manchain, Béal Feirste / Manchain, Béal Feirste / Birmingham agus Béal Feirste / Dún Éideann.

Tá BA City Flyer le dhá sheirbhís eile a chur ar fáil go dtí deireadh na seachtaine seo ach ní fios céard atá i ndán dóibh ina dhiaidh sin.

D'fhógair bord Stobart Air ar an deireadh seachtaine go bhfuil an comhlacht á leachtú acu.

Go dtí seo, bhí an dá sheirbhís réigiúnacha idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí agus Baile Átha Cliath agus Dún na nGall á gcur ar fáil ag Stobart Air le tacaíocht ón Stát.

Níl sé soiléir céard atá i ndán dóibh ach tá lucht Aerfort Dhún na nGall ag achainí ar an Rialtas socrú eatramhach a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Thug an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney le fios go ndéanfaidh an Rialtas gach iarracht seirbhísí aeir réigiúnacha go Dún na nGall agus go Ciarraí a chur ar bun arís go luath.

Mhaígh sé go bhfuil na ceangail aeir leis na réigiúin thar a bheith tábhachtach don Rialtas.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt bunaitheoir Aer Árann Pádraig Ó Céidigh gur tharla sé cheana gur cuireadh deireadh tobann le seirbhís aeir go Dún na nGall ach go raibh sé ar chumas na Roinne Iompair an t-am úd seirbhís nua a chur ar fáil in achar gairid ama.

Ag tagairt a bhí sé do chás Euro Celtic Airways ar bhain údaráis na Breataine a gceadúnas eitleoireachta díobh in 2003.

Cheap Rialtas na hÉireann Aer Árann go luath ina dhiaidh sin leis an tseirbhís a chur ar fáil idir Baile Átha Cliath agus Dún na nGall.