Tá iarcheannaire an DUP Arlene Foster éirithe as go hoifigiúil mar Chéad-Aire an Tuaiscirt.

Mar gheall go bhfuil Oifigí an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire ceangailte le chéile, níl Michelle O'Neill ó Shinn Féin ina LeasChéad-Aire níos mó ach oiread.

Tá seachtain ag an DUP agus Sinn Féin anois le teacht ar chomhaontú úr agus dul i mbun comhrialtais le chéile arís.

Mura n-éireoidh leis an dá pháirtí margadh a dhéanamh, scoirfear Feidhmeannas Stormont agus beidh ar Stát-Rúnaí an Tuaiscirt toghchán comhthionóil a ghairm.

Cé go bhfuil Paul Givan ainmnithe mar Chéad-Aire ag ceannaire úr an DUP Edwin Poots, ní mór do Shinn Fein glacadh lena ainmniúchán agus LeasChéad-Aire a ainmniú iad féin.

Inné, áfach, chuir Sinn Féin i leith an DUP go raibh an páirtí sin ag gníomhú le drochintinn.

Thug Sinn Féin le tuiscint nach dtacóidh siad le hainmniúchán Paul Givan mura dtabharfaidh an DUP gealltanas daingean maidir le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach sa Tuaisceart.

Os a choinne sin, chuir an DUP i leith Shinn Féin go mbeidh poblachtánaigh ag cur beatha daoine i mbaol mura ndéanfaidh siad margadh leis an pháirtí aontachtach.

B'in tagairt, is cosúil, don 300,000 duine atá ag fanacht le coinne nó cóir leighis in ospidéil ó thuaidh.

I ráiteas a rinne sí i gComhthionól Stormont sular éirigh sí as inniu, thug Arlene Foster le fios gur cheart do gach dream tacú leis an mhargadh a rinne siad bliain go leith ó shin maidir le reachtaíocht teanga.

Dúirt sí nach ndéanfar aon dul chun cinn sa Tuaisceart go dtí go dtabharfaidh gach aon dream aitheantas d'fhéiniúlachtaí éagsúla a chéile.

Cháin Arlene Foster Prótacal an Tuaiscirt ina ráiteas chomh maith.

Mhaígh sí go bhfuil an caidreamh idir an Bhreatain, Éire agus an tAontas Eorpach curtha as alt de bharr an phrótacail.