Tuairiscítear go bhfuil Rialtas Phoblacht Oileán Mhuirís le breathnú arís ar chás Michaela McAreavey as Co Thír Eoghain a dúnmharaíodh sa tír sin os cionn deich mbliana ó shin.

Is iad Céad-Aire agus Leas-Chéad-Aire an Tuaiscirt, Arlene Foster agus Michelle O'Neill, a thug an scéala do mhuintir na mná ar maidin tar éis don bheirt cheannairí an cás a phlé leis na húdaráis in Oileán Mhuirís.

Tachtadh agus maraíodh Michaela McAreavey, 27 bliain, ina seomra san óstán a raibh sí ag fanacht ann ar an 10 Eanáir 2011 agus í ar mhí na meala in Oileán Mhuirís.

Creidtear gurb amhlaidh a d'ionsaigh gadaithe í nuair a d'fhill sí ar an seomra ina haonar.

Bhí sí tar éis John McAreavey a phósadh deich lá roimhe sin.

B'iníon í Michaela leis an mbainisteoir peile mór le rá Mickey Harte.

Sa bhliain 2012, fuarthas neamhchiontach ina dúnmharú beirt fhear a bhí ag obair san óstán.

I dteachtaireacht ar na meáin shóisialta ar maidin, dúirt John McAreavey gur "céim shuntasach sa treo ceart" atá sa scéala go bhfuiltear le breathnú ar an gcás an athuair.

Tá an fógra a rinne an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire ar cheann de dhualgais dheireanacha Arlene Foster atá le héirí as oifig níos deireanaí inniu.