Tá thart ar 1,000 cógaiseoir pobail le páirt a ghlacadh ón tseachtain seo sa chlár násiúnta vacsaínithe Covid-19.

Is í vacsaín Johnson & Johnson (Janssen) a bheas na cógaiseoirí a thabhairt amach.

Murab ionann agus leithéidí Pfizer agus AstraZeneca, níl i gceist le vascaín Johnson & Johnson ach instealladh amháin.

Ar an gcéad ásc, is do dhaoine os cionn leathchéid a thabharfas na cógaiseoirí an vacsaín.

Measann Aontas Cógaiseoirí na hÉireann go bhfuil thart ar 140,000 duine os cionn leathchéid nach bhfuair vacsaín Covid-19 fós.

Ní gá do dhaoine clárú ar líne don vacsaín ach beidh orthu coinne a dhéanamh lena gcógaiseoir áitiúil.

Is i seomra príobháideach sa chógaslann a thabharfar an vacsaín amach.

Tá liosta na gcógaslann atá páirteach sa clár vacsaínithe le fáil ar shuíomh idirlín Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Tá imní léirithe sa Tuaisceart faoin athraitheach Deilte ar an gcoróinvíreas a aimsíodh i dtosach san India.

Dúirt urlabhrlaí na ndochtúirí teaghlaigh ó thuaidh, an Dr Frances O'Hagan, go bhféadfadh ráig eile fós scaipeadh dá bharr.

Ag labhairt di ar RTÉ, thug an Dr O'Hagan le fios gur fusa an t-athraitheach Deilte a tholgadh ná aon cheann eile inár measc.

D'fhéadfadh duine a bhfuil an t-athraitheach seo air é a thabhairt do sheisear eile, a dúirt sí.