Is go neamhbhalbh a labhair Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le chéile maidir le cúrsaí an Tuaisicrt, a dúirt Comhairleoir Slándála Rialtas Mheiriceá Jake Sullivan.

D'fhiafraigh tuairisceoirí de Jake Sullivan ar chuir Joe Biden in iúl do Boris Johson go mbeadh socrú trádála idir na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain i mbaol mura gcosnódh an Príomh-Aire Comhaontú Aoine an Chéasta.

Mar fhreagra, is amhlaidh a thug Jake Sullivan le fios gur phléigh an bheirt cheannairí an cheist agus nár chuir siad fiacail ann.

Dúirt sé gur mhol an tUachtarán Biden óna chroí amach don Phríomh-Aire Johnson Comhaontú Aoine an Chéasta agus an dul chun cinn a rinneadh dá bharr a chosaint.

Bhí cruinniú ag Joe Biden agus Boris Johnson sa Chorn Déardaoin seo caite sular tháinig ceannairí thíortha an G7 le chéile ansin.

"Ní theastaíonn uaim aon sonraí eile faoin gcruinniú sin a thabhairt," arsa Jake Sullivan.

Cé ea, dúirt an bheirt cheannairí i gcomhráiteas a d'eisigh siad i ndiaidh an chruinnithe go raibh siad tiomanta do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus go bhfuil na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain araon bródúil as an méid a baineadh amach dá bharr.