Deir Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE),Paul Reid,nach bhfuil aon othar le Covid-19 in aon cheann d'ocht n-ospidéal fud na tíre inniu.

'Tá an scéal amhlaidh freisin i gcás 3 ospidéal leanaí atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath' a dúirt sé.

Tuairiscítear freisin nach bhfuil líon na n-othar i gcóras iomlán na n-ospidéal chomh híseal le 9 mí is atá faoi láthair.