Bhí agóid mhór ag feirmeoirí na tíre seo inniu.

Tháinig siad le chéile i suas le 30 baile lena míshástacht a léiriú faoi mholtaí an Aontais Eorpaigh i dtaca leis an gComhpholasaí Talmhaíochta.

Ba é Cumann Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA) a d'eagraigh an tsraith agóidí seo.

Deir an IFA go bhfuil todhchaí na feirmeoireachta sa tír seo go mór i mbaol anois ag na leasuithe seo atá á mbeartú ar an gcomhpholasaí, chomh maith le pleananna eile tá riachtanach a deir an Rialtas chun dul i ngleic le hathrú aeráide.