Dúirt an Taoiseach,Micheál Martin, go raibh sé ríthábhachtach go gcosnófaí na forais ar fad a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Bhí sé ag labhairt ag cruinniú den Chomhairle Breataineach-Éireannach i gCo.Fhear Manach.

Dúirt sé go gcaithfí a chinntiú gur oibrigh an Comhaontú do dhaoine ar oileán na hÉireann chomh maith leis an mBreatain.

'Is iomaí cor agus casadh atá tagtha sa scéal' a dúirt sé, 'ach tá gach duine ag iarraidh go bhfanfaidh na forais ar fad i bhfearas'.

An Taoiseach an-chosantach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta

'Caithfear dlús a chur anois faoina cainteanna idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach' a dúirt an Taoiseach, 'agus creidim go bhfuil ar chumas an dá thaobh theacht ar réiteach'.

Dúirt sé freisin go raibh an spéis a léirigh Uachtarán Mheiriceá,Joe Biden sa phróiseas seo uilig 'an-tairbheach'.

Is í seo an chéad uair le breis is 2 bhliain atá an Chomhairle Breataineach-Éireannach i mbun cruinnithe.

Is i gCo.Fhear Manach atá an teacht le chéile ag a bhfuil an Taoiseach,an Tánaiste agus an tAire Gnothaí Eachtracha i láthair.

An tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney.Beidh sé féin, an Taoiseach Micheál Martin agus an Tánaiste Leo Varadkar i láthair

I láthair freisin tá Céad Aire an Tuaiscirt,Arlene Foster, a bheidh ag éirí as a cuid dualgas ansin go rí-ghairid, chomh maith le Leas Céad Aire na Feidhmeannachta,Michelle O'Neill.

Is é an tAire Michael Gove atá i gceannas ar thoscaireacht na Breataine ag an gcruinniú mullaigh seo.

Cúrsaí Covid-19 atá go hard ar an gclár oibre, chomh maith le Prótacal Thuaisceart Éireann a bhfuil damáiste déanta aige den chaidreamh ó thuaidh dar le haontachtaithe.